This is the Trace Id: a6601a4a0a36eb89fac45d63851cf838
Léim go dtí an príomhinneachar Microsoft 365 Office Azure Copilot Windows Surface Xbox Tacaíocht Feidhmchláir Windows OneDrive OneNote Ríomhairí & táibléid Cluichí Xbox Cluichí ríomhaire Microsoft AI Microsoft Security Azure Dynamics 365 Microsoft 365 for business Microsoft Power Platform Windows 365 Forbróir Microsoft Doiciméadúchán Microsoft Learn Pobal teicniúil Microsoft Áit Mhargaidh Azure AppSource Visual Studio Íoslódálacha saor in aisce agus& slándáil Oideachas Gach Microsoft

Uirlisí Profála Microsoft Office 2016 - Gaeilge

Is féidir Uirlisí Profála Microsoft Office a úsáid chun eagarthóireacht a dhéanamh i dteangacha eile.

Tábhachtach! Má roghnaítear teanga thíos, athróidh sé ábhar iomlán an leathanaigh go dinimiciúil go dtí an teanga sin.

  • Leagan:

    2016

    Dáta Foilsithe:

    15/07/2024

    Ainm an Chomhaid:

    proofingtools2016_ga-ie-x64.exe

    proofingtools2016_ga-ie-x86.exe

    Méid an Chomhaid:

    1.6 MB

    1.5 MB

    An bhfuil fonn ort an litriú a sheiceáil do theanga nár suiteáladh go huathoibríoch ag Office? Tá tú san áit cheart. Áirítear le hUirlisí Profála Microsoft Office sraith iomlán de na huirlisí profála atá ar fáil le haghaidh Office sa teanga sin. Suiteáil na huirlisí agus atosaigh Office, agus beidh na huirlisí profála don teanga sin réidh lena n-úsáid.
  • Córais Oibriúcháin Tacaithe

    Windows 7, Windows 8, Windows Server 2008 R2

    Feidhmeoidh an íoslódáil seo leis na ríomhchláir seo a leanas:
    • Microsoft Office Excel 2016
    • Microsoft Office OneNote 2016
    • Microsoft Office Outlook 2016
    • Microsoft Office PowerPoint 2016
    • Microsoft Office Word 2016
  • Chun an íoslódáil seo a shuiteáil:

    Suiteáil na huirlisí profála:

    1. Cliceáil ar an gcnaipe ‘Íoslódáil’ (thuas) agus sábháil an comhad chuig an diosca crua chun é a íoslódáil.
    2. Rith an clár suiteála.
    3. Ar an leathanach ‘Léigh Téarmaí Ceadúnais Bhogearraí Microsoft’, athbhreithnigh na téarmaí, roghnaigh an ticbhosca “Cliceáil anseo chun glacadh le Téarmaí Ceadúnais Bhogearraí Microsoft”, agus ansin cliceáil ar ‘Lean ar aghaidh’.
    4. Rithfidh an draoi cumraithe agus suiteálfar na huirlisí suiteála.
    5. Nuair a bheidh an tsuiteáil críochnaithe, atosaigh na feidhmchláir Office atá oscailte.


    Treoracha úsáide:Bain úsáid as na huirlisí profála mar is gnách - ba cheart go mbeidís le feiceáil anois don teanga nua atá suiteáilte agat. Mar shampla, is féidir an teanga nua a roghnú mar theanga phrofála chun an seiceálaí litrithe a úsáid (más ann dó) - chun a fháil amach conas é sin a dhéanamh, féachBain úsáid as an mbarra teanga chun athrú idir na teangacha difriúla

    Chun an íoslódáil seo a bhaint:
    1. Pointeáil chuig ‘Socruithe’ ar an roghchlár ‘Tosaigh’ agus ansin cliceáil ar an ‘Painéal rialúcháin’.
    2. Cliceáil faoi dhó ar ‘Cuir le/Bain ríomhchláir’.
    3. Roghnaigh “Uirlisí Profála Microsoft Office 2016 - Gaeilge” ón liosta de na ríomhchláir atá suiteáilte faoi láthair agus cliceáil ar ‘Díshuiteáil’, ‘Bain’ nó ‘Cuir le/Bain’. Má thaispeántar bosca dialóige, lean na treoracha chun an ríomhchlár a bhaint.
    4. Cliceáil ar ‘Tá’ nó ar ‘OK’ lena dheimhniú gur mian leat an ríomhchlár a bhaint.


Gaeilge (Éire)
Deilbhín roghnaigh gan a bheith páirteach as roghanna príobháideachta Do roghanna príobháideachta
Príobháideacht sláinte an tomhaltóra Contact Microsoft Privacy & Cookies Manage cookies Terms of Use Trademarks About our ads